2023
Príomhtháscairí Feidhmíochta Airgeadais
Eolas Breise (neamhiniúchta)
Úsáideann Comhlacht Chalafort Átha Cliath roinnt príomhtháscairí feidhmíochta airgeadais (KPIanna) chun feidhmíocht an Chomhlachta a thomhas. Is tomhais airgeadais iad na KPIanna seo nach bhfuil riachtanach faoi Chleachtais Chuntasaíochta a nGlactar Leis go Coitianta in Éirinn (GAAP na hÉireann). Léiríonn na KPIanna seo bearta breise chun feidhmíocht a mheasúnú agus chun tuairisciú go hinmheánach agus do scairshealbhóirí agus cabhraíonn siad freisin le heolas a chur ar fáil do chinnteoireacht, cabhrú le socrú spriocanna éifeachtach agus dul chun cinn a rianú maidir le cuspóirí straitéiseacha an Comhlacht a bhaint amach.
Creideann an Comhlacht go soláthraíonn cur i láthair na KPIanna seo faisnéis bhreise úsáideach a thugann, nuair a bhreathnaítear air i gcomhar le heolas airgeadais GAAP na hÉireann, tuiscint níos bríonna do pháirtithe leasmhara ar bhunfheidhmíocht airgeadais agus oibriúcháin an Chomhlachta.
Úsáidtear na tomhais seo go hinmheánach freisin chun feidhmíocht stairiúil agus pleanáilte an Chomhlachta don todhchaí a mheas. Níor cheart aon cheann de na KPIanna seo a úsáid mar mhalairt ar thomhais airgeadais a dhíorthaítear de réir GAAP na hÉireann. Is iad seo a leanas na príomh-KPIanna a úsáideann an Comhlacht, mar aon le réitigh nuair nach bhfuil na KPIanna inaitheanta go héasca ó na ráitis airgeadais:
2023 €’000 |
2022 €’000 |
|
---|---|---|
TRÚCDA |
56,721 |
59,348 |
Corrlach TRÚCDA (%) |
55.9% |
58.5% |
|
|
|
TRÚC |
38,682 |
54,192 |
Corrlach TRÚC (%) |
38.1% |
53.4% |
|
|
|
Toradh ar Chaipiteal a Úsáidtear (TACÚ) (%) |
5.3% |
6.4% |
|
|
|
Glanmhuirir úis |
6,109 |
6,369 |
Cumhdach úis |
||
- Bunús TRÚCDA (amanna) |
9.3 |
9.3 |
- Bunús TRÚC (amanna) |
6.3 |
8.5 |
|
|
|
Glanfhiachas |
(178,116) |
(155,014) |
Glanfhiachas mar chéatadán de chothromas iomlán (%) |
(29.6%) |
(26.7%) |
Glanfhiachas mar chéatadán de shócmhainní seasta (%) |
(23.8%) |
(22.0%) |
Glanfhiachas/TRÚCDA |
3.1 |
2.6 |
|
|
|
TRÚC |
38,682 |
54,192 |
Dímheas agus amúchadh |
16,809 |
14,619 |
Amúchadh deontas caipitiúil |
(452) |
(454) |
Gluaiseacht luacha chóir ar réadmhaoin infheistíochta |
1,315 |
850 |
Míreanna Eisceachtúla |
- |
(10,000) |
(Brabús)/Caillteanas ar dhiúscairt sócmhainní |
(75) |
141 |
Lagú sócmhainní seasta |
442 |
- |
TRÚCDA |
56,721 |
59,348 |
TRÚC: Tuilleamh roimh chostais airgeadais agus cánachas.
TRÚCDA: Tuilleamh roimh mhíreanna eisceachtúla, glanchostais airgeadais, cánachas, dímheas agus amúchadh, agus costais lagaithe sócmhainní seasta.
Cumhdach úis: An cóimheas idir TRÚDA nó TRÚC le glanmhuirir úis.
COCU: An cóimheas idir an brabús oibriúcháin agus an meánchaipiteal a úsáideadh.
Glanfhiachas: Glan-iomlán na n-iasachtaí reatha agus neamhreatha, airgead tirim agus coibhéisí airgid, mar a chuirtear i láthair sa Chlár Comhardaithe.